An tOllamh Peter McHugh
Is é an tOllamh Peter McHugh Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí na hOllscoile. Is ball é d’Fhoireann Bainistíochta na hOllscoile agus den Chomhairle Acadúil agus déanann sé ionadaíocht ar an Uachtarán nuair a bhíonn sé as láthair. Ina ról, is é Peter atá freagrach as an straitéis acadúil, as arduithe céime acadúla agus as feabhas acadúil. Tá sé ina chathaoirleach ar Choiste Teagaisc agus Foghlama na hOllscoile, ar an gCoiste Arduithe Céime Acadúla, ar an gCoiste Treisithe Feabhais, i measc coistí eile san Ollscoil. Lasmuigh den ollscoil, tá sé ina bhall de Sheanad Ollscoil na hÉireann agus tá sé ar bhord na Lár-Oifige Iontrála (CAO). Is de bhunadh Bhéal Átha hAmhnais, Co. Mhaigh Eo é Peter, a bhfuil BE Céadonóracha san Innealtóireacht Mheicniúil bainte amach aige ó Ollscoil na Gaillimhe mar aon le ScM agus PhD san Innealtóireacht ó Ollscoil Brown, Rhode Island, SAM. Tá Dochtúireacht san Eolaíocht (DSc) as Obair Fhoilsithe faighte aige ó Ollscoil na hÉireann chomh maith.
Thosaigh Peter le foireann teagaisc na hOllscoile sa bhliain 1991 mar Léachtóir le hInnealtóireacht Mheicniúil. Ceapadh ina chéad Ollamh Bunaithe le hInnealtóireacht Bhithleighis san Ollscoil é sa bhliain 2007, agus bhí sé ina Cheann ar Innealtóireacht Bhithleighis laistigh de Scoil na hInnealtóireachta ó 2013 i leith. Bhí sé ina Dhéan agus ina Cheann Scoile ar Scoil na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice ó 2016 go 2019 agus ina Cheann Scoile ar Scoil na hInnealtóireachta ó 2019 go 2021.