Fáilte go Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr

Fáilte, Croeso, Bienvenue, Benvenuto, Bienvenido, Salvete, Willkommen, WELCOME.

Tá sé dhisciplín i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr: ClasaicíFraincisGaeilgeGearmáinisIodáilis agus Spáinnis, mar aon leis na hábhair seo a leanas: an tSibhialtacht Cheilteach agus an tSean-Ghaeilge agus an Mheán-Ghaeilge agus clár céime i dTeangacha Domhanda.

Cuirimid modúil sa tSínis ar fáil freisin, agus cuireann an meascán teangacha a sholáthraíonn ár Scoil deiseanna iontacha staidéir ar fáil. I measc na n-ábhar a chlúdaítear tá Éire san ochtú haois, litríocht na Nua-Ghaeilge, an saol ársa clasaiceach, an domhan domhandaithe mar atá inniu againn a chuimsíonn an Eoraip, Meiriceá Laidineach, cainteoirí Fraincise san Afraic Thuaidh agus an tSín. Leis na modúil teanga agus chultúir a chuirimid ar fáil cuirtear ar chumas céimithe dea-scileanna teangeolaíocha, idirchultúrtha agus smaointeoireachta criticiúla a shealbhú, rud a chinnteoidh go mbeidh an lámh in uachtar acu i margadh iomaíoch na fostaíochta. Tríd an staidéar a dhéanann siad ar theangacha, beidh ar a gcumas an domhan a thuiscint ar bhealach éagsúil agus beidh siad in ann maireachtáil ann mar shaoránaigh dhomhanda.

Mic Léinn Idirnáisiúnta

Meallann ár gcláir mic léinn as tíortha ar fud an domhain lena n-áirítear Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Bhrasaíl, an tSín, an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Eilvéis agus an Spáinn.  Cuirimid scata maith mac léinn go dtí an Eoraip, Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Meiriceá Theas gach bliain freisin ar chláir mhalairte mac léinn nó ar shocrúcháin oibre.

Léigh leat anseo