Cruinnscríobh na Gaeilge don Fhoireann
An bhfuil Gaeilge líofa agat? Ar mhaith leat feabhas a chur ar do chruinneas scríofa sa teanga?
Ranganna i gcruinnscríobh na Gaeilge don Fhoireann 2023-2024
Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag tairiscint ranganna i gcruinnscríobh na Gaeilge d’fhoireann na hOllscoile a bhfuil scileanna maithe Gaeilge acu cheana féin.
Clárú: Ní mór clárú roimh Dé Céadaoin 10 Eanáir, 2024 ag úsáid an fhoirm iarratais Microsoft Word thíos.
Dáta: Ranganna Gaeilge na Foirne ag tosú an tseachtain dar tús 15 Eanáir, 2024.
Ionad: Beidh na ranganna seo ar siúl ar líne.
Foirm Iarratais: Is féidir leat an fhoirm iarratais a íoslódáil anseo:Foirm Iarratais - Cruinneas Scríofa na Gaeilge agus í a sheoladh ar ríomhphost chuig evan.ogriofa@ollscoilnagaillimhe.ie
Tá na ranganna seo saor in aisce.
Tuilleadh eolais:
Evan Ó Gríofa,
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Áras na Gaeilge.
091-493616 / evan.ogriofa@ollscoilnagaillimhe.ie