Tionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge www.focloir.ie

Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag cur seirbhísí foclóireachta ar fáil ar bhonn conartha don Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge, tionscadal de chuid Fhoras na Gaeilge, ó thús 2012. Tá an foclóir seo beo ar líne anois ag www.focloir.ie agus tá aip ar fáil chomh maith. Is é seo an chéad mhórfhoclóir oifigiúil Béarla-Gaeilge a d’fhoilsigh an Stát ó foilsíodh Foclóir de Bhaldraithe (English-Irish Dictionary) sa bhliain 1959. Tá beirt d’fhoireann an Aonaid Aistriúcháin agus Ateangaireachta i ndiaidh 2 bhliain agus 5 bliana, faoi seach, a chaitheamh ar iasacht ar fhoireann eagarthóireachta an Fhoclóra Nua ó 2012. Tá sciar suntasach d’ábhar an Fhoclóra curtha ar fáil ag an Acadamh.

Foclóir - Lógó Gaeilge

Le beagnach 50,000 iontráil san Fhoclóir anois, agus 140,000 brí cumhdaithe faoi na hiontrálacha sin, san iomlán, tá 3.5 milliún focal Béarla agus Gaeilge san Fhoclóir anois - méid atá níos mó ná formhór na bhfoclóirí móra dátheangacha atá ar fáil go hidirnáisiúnta.

Iontrálacha suimiúla

Seo a leanas roinnt iontrálacha agus aistriúchán suimiúil atá ar fáil san Fhoclóir:

  • Selfie: ‘Féinín’;
  • To come up trumps: ‘An beart a dhéanamh’;
  • The rise of the alt-right: ‘Teacht chun cinn na heite deise ailtéarnaí’;
  • Gangland crime: ‘Coireanna drongchoirpeachta’;
  • A post-truth society: ‘Sochaí iarfhírinne’;
  • Kettlebell: ‘Tromán cluasach’.
  • He was catfished on a dating site: ‘Cuireadh an chluain fhíorúil air ar shuíomh geandála’;
  • There was no vaping allowed on the train: ‘Bhí cosc ar vapáil ar an traein, ní raibh cead galtoitín a chaitheamh ar an traein’;
  • Mindfulness: ‘Aireachas’;
  • Emoticon: ‘Straoiseog’;

 Tá leaganacha leictreonacha de na foclóirí seo a leanas le fáil ar an suíomh idirlín gaolmhar www.teanglann.ieFoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill (FGB), Foclóir Béarla-Gaeilge de Bhaldraithe (EID) agus an Foclóir Beag (mionfhoclóir Gaeilge-Gaeilge).

Moltar do mhic léinn an Acadaimh úsáid a bhaint as na háiseanna foclóireachta ar líne seo ar fad!