Tacaíocht Maonithe

Tá Ollscoil na Gaillimhe meáite ar thacaíocht a thabhairt do chomhaltaí foirne atá ag tabhairt faoi chláir oideachais chun cur lena bhforbairt ghairmiúil agus phearsanta. Tá an gealltanas sin ag teacht le haidhmeanna straitéiseacha na hOllscoile acmhainneacht na foirne a uasmhéadú, tacú le hearcú agus le coinneáil foirne agus cinntiú go mbeifear tiomanta do chomhdheiseanna.

Seo a leanas an chabhair a chuirtear ar fáil:

  1. Polasaí Breisoideachais (FEP) 
        • Clár ar féidir le comhaltaí foirne iarratas a dhéanamh air chun tacaíocht airgeadais a fháil agus iad ag tabhairt faoi chlár páirtaimseartha léinn
        • Ní bheidh aon táillí le híoc ag an bhfoireann ar roinnt cúrsaí. Ba cheart d’iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar a rogha cúrsa ar dtús, sula gcuireann siad isteach ar thacaíocht FEP – lena chinntiú go bhfuil spás coinnithe ar a rogha cúrsa. Nuair a bheidh maoiniú FEP ceadaithe, féadfaidh an comhalta foirne áit ar an gcúrsa a dhearbhú ansin
        • Is dhá phróiseas ar leith iad iarratas a dhéanamh ar chúrsa agus iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú FEP. Ní gá go gciallódh maoiniú FEP go bhfaighidh tú áit ar do rogha cúrsa i gcónaí
        • Tá spásanna teoranta ar roinnt clár agus mar sin glacfar leis an dream is túisce a dhéanfaidh iarratas
        • Caithfidh an cúrsa a bheith ag Leibhéal 6 ar a laghad de réir
    an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí

Ní chlúdaíonn FEP táillí clárúcháin cúrsaí ná tobhach na mac léinn. 

Treoirlínte do Shaoire Staidéir

‌Féach anseo don pholasaí atá ar fáil le féachaint air nó le híoslódáil.

Scéim FEP agus foirmeacha iarratais

Osclófar scéim FEP 2024/25 d’Iarratais FEP Nua agus Leanúnacha go hoifigiúil  Dé Céadaoin, an 2 Aibreán agus dúnfaidh sí Dé hAoine, an 16 Bealtaine, don bhliain acadúil 2025 - 2026

Tá an Polasaí FEP QA130 ar fáil le féachaint air nó le híoslódáil i mBéarla anseo nó i nGaeilge anseo.

Please ensure you have all the signatures at the bottom, provide your job spec, and a link to the course. If you are using Chrome the new application word document won’t open. It is an ongoing glitch. Simply open it in a different browser.