-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Meantóireacht
Fáilte chuig an Scéim Meantóireachta in Ollscoil na Gaillimhe
Cad is Meantóireacht ann?
Is éard is meantóireacht ann próiseas ina gcuireann meantóir ar chumas a m(h)ic léinn meantóireachta cur leis na scileanna atá aige/aici agus na spriocanna gairme atá aige/aici a bhaint amach. Cuirtear tacaíocht ar fáil in Ollscoil na Gaillimhe i bhfoirm comhpháirtíochta idir comhaltaí foirne sinsearacha agus comhghleacaithe leo atá i dtús a ngairme. Tá sé mar aidhm ag an gcomhpháirtíocht seo a chur ar chumas na foirne barr a gcumais a bhaint amach.
Oiliúint Meantóireachta/Meantaithe
Please refer to CorePortal or the Learning & Development Calendar to view all upcoming workshops. You can also add your name to the waiting list if no dates are available. Search for "Mentor" or "Mentee" on Core Portal.
Prionsabail na Meantóireachta
Is éard is meantóireacht ann ná an próiseas ina dtugann meantóir treoir don mhac léinn meantóireachta maidir lena g(h)airm bheatha a fhorbairt. Chun go n-éireoidh le caidreamh meantóireachta, caithfidh sé a bheith bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:
- Is ag an mac léinn meantóireachta a bhíonn úinéireacht ar an bpróiseas meantóireachta agus is eisean/ise a thiomáineann an clár meantóireachta. Tá an meantaí freagrach as teagmháil a thionscnamh leis an meantóir.
- Is caidreamh atá faoi rún é an caidreamh leis an meantóir. Ní féidir na nithe a phléann an meantóir agus an meantaí a nochtadh do thríú páirtí gan cead ón dá pháirtí sin.
- Níl baint ná páirt ag an meantóireacht le Córas Forbartha Bainistíochta Feidhmíochta Ollscoil na Gaillimhe.
- Cur chuige neamhthreorach a bhíonn ag an meantóireacht.
- Tá caidreamh na meantóireachta bunaithe ar mhuinín, agus ar mheas a bheith ag an dá pháirtí ar a chéile.
- Cuireann an meantóir ar chumas an mheantaí a bheith freagrach as a c(h)uid foghlama féin agus as a g(h)airm bheatha féin a fhorbairt.
- Cuireann an meantóir spás sábháilte ar fáil don mheantaí inar féidir leis/léi fadhbanna a bhaineann leis an obair a phlé agus iarracht a dhéanamh teacht ar réitigh.
- Ní chuireann an caidreamh meantóireachta aon oibleagáid ar cheachtar páirtí seachas an aidhm forbartha a ghabhann leis.
Buntáistí na Meantóireachta
An Tairbhe a Bhaineann an Meantaí aisti:
- Cuidíonn sí le comhaltaí foirne nua a ionduchtú agus cuireann sí dlús lena gcuar foghlama
- Bíonn siad níos cinnte faoina spriocanna gairme agus faoin mbealach lena mbainistiú
- Deis le dúshlán a gcuid tuairimí féin agus na nithe a chreideann siad iontu a thabhairt
- Tríd an teagmháil leis an meantóir, tá siad ag cur leis an ngréasán daoine a dtagann siad faoina n-anáil
- Cuirtear am agus spás ar fáil dóibh chun machnamh a dhéanamh, tuiscint a fháil ar chúrsaí, níos mó eolais a chur orthu féin agus cur lena bhféinmhuinín
- Éiríonn siad níos táirgiúla agus níos éifeachtaí, rud a chuidíonn leo a spriocanna gairme a bhaint amach
- Tacaíocht maidir le caidrimh le daoine eile a bhainistiú agus a fhorbairt
- Faigheann siad léargas ar chultúr Ollscoil na Gaillimhe, an struchtúr foirmiúil agus neamhfhoirmiúil atá aici agus an bealach a n-oibríonn sí
An Tairbhe a Bhaineann an Meantóir aisti:
- Déanann sé/sí scileanna nua a fhorbairt agus rudaí nua a fhoghlaim ón gcaidreamh
- Bíonn teagmháil aige/aici le comhaltaí foirne acadúla atá i dtús a ngairme agus cuireann sé/sí eolas ar an mbealach a bhforbraíonn a ngairm
- Deis chun machnamh a dhéanamh agus chun eolas a chur ort féin go pearsanta
- An sásamh a bhaineann le cuidiú le comhghleacaithe forbairt agus dul chun cinn a dhéanamh
Róil agus Freagrachtaí
Freagrachtaí an Mheantóra
De ghnáth beidh post ag an Meantóir atá ar leibhéal níos sinsearaí nó beidh níos mó taithí aige/aici i réimse spéise an Mheantaí. Is é/í an Meantóir a spreagann an caidreamh meantóireachta.
D’fhéadfadh an Meantóir a bheith scaití ina (h)eiseamláir nó ina (h)éisteoir maith, ach uaireanta eile, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an meantóir dúshlán a thabhairt, comhairle a chur ar fáil nó éascaíocht a dhéanamh. Is cuma cén ról atá aige/aici, léireoidh an Meantóir na caighdeáin ghairmiúla is airde agus léireoidh sé/sí raon tréithe pearsanta i ngach ceann de na róil sin lena n-áirítear:
- Spéis ina f(h)orbairt féin agus daoine eile
- Cumas éisteachta den scoth
- Ní mór a bheith in ann teacht go héasca ar an meantóir agus go mbeadh an meantóir ar fáil nuair a bheas gá leis
- Cumas muinín a shaothrú agus rúndacht a choinneáil
- Cur chuige tairbheach a chur chun cinn i gcónaí ina gcuirtear an bhéim ar fhorbairt an Mheantaí
Freagrachtaí an Mheantaí
Tá ról ag an Meantaí a chinntiú go n-éiríonn go maith leis an gcaidreamh Meantóireachta agus is féidir leis/léi cur le rath an chaidrimh Meantóireachta trí;
- A bheith sásta tabhairt faoi dheiseanna forbartha gairme
- A bheith oscailte agus ionraic leis an Meantóir maidir leis na spriocanna atá uaidh/uaithi ón gcaidreamh
- Tuiscint agus meas a léiriú ar dhúthracht an Mheantóra
- Cloí le rúndacht
Freagrachtaí an Choláiste nó na Scoile
Ainmneoidh gach Coláiste/Scoil/Aonad “seaimpín meantóra” a thacóidh leis an gclár Meantóireachta laistigh dá n-aonad. Cuirfidh an Oifig Acmhainní Daonna/Foghlaim & Forbairt tacaíocht ar fáil don seaimpín meantóra maidir leis na nithe seo a leanas:
- An próiseas Meantóireachta a éascú laistigh dá n-aonad trí Mheantóirí agus Meantaithe a spreagadh tabhairt faoin bpróiseas
- Tacú le agus tuairisciú ar mheantóireacht mar phríomhtháscaire feidhmíochta ar leibhéal feidhmiúcháin scoile agus aonaid
- Casadh le Meantóirí ionchasacha, nuair is cuí, chun oiriúnacht do ról an Mheantóra a phlé
- Ainmniúcháin do mheantóirí/do mheantaithe a bhailiú laistigh dá réimse
- Cleachtas machnamhach a éascú chun Meantóireacht a chur chun cinn
Freagrachtaí na hOifige Acmhainní Daonna
Oibreoidh an Oifig Acmhainní Daonna le gach Coláiste/Scoil/Aonad agus cuirfidh sí tacaíocht ar fáil dóibh trí:
- Seisiúin eolais a eagrú faoin bpolasaí meantóireachta
- Ceardlanna meantóra agus meantaí a eagrú agus a shocrú
- Cabhrú le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas
- Cabhrú le meantóirí/meantaithe a chur i mbeirteanna
- Tacú le cleachtas machnamhach trí shonraí ábhartha a bhailiú agus a sholáthar gan rúndacht meantóra/meantaí a shárú
Cáipéisí Meantóireachta
Tá Creat Meantóireachta Ollscoil na Gaillimhe ar fáil le féachaint air nó le híoslódáil anseo: University of Galway Mentoring Framework/Creat Meantóireachta Ollscoil na Gaillimhe
Clárú
Meantaithe
- Léigh Creat Meantóireachta Ollscoil na Gaillimhe chun tuiscint iomlán a fháil ar an bpróiseas agus ar na róil agus na freagrachtaí.
- Cláraigh do spéis leis an Seaimpín áitiúil Meantóireachta nó Ceann Scoile/Aonaid*.
- Cuirfear ainmniúcháin ó gach réimse ar aghaidh chuig an Aonad Foghlama & Forbartha faoi dhó sa bhliain (Eanáir agus Iúil).
- Líonfaidh an meantaí Foirm Péireála an Mheantaí chun cuidiú le Meantóir agus Meantaí a mheaitseáil.
- Má tá Meantóir ar intinn agat nó má tá plé agat le meantóir cheana féin, cuir an tAonad Foghlama agus Forbartha ar an eolas roimh ré.
- Is féidir leis an meantaí clárú ansin do cheardlanna atá le teacht agus fógrófar iad ar an leathanach gréasáin Foghlama agus Forbartha.
*Más fearr leat do spéis a chlárú go discréideach déan teagmháil le Mark & Rachel ag learninganddevelopment@universityofgalway.ie nó trí MS Teams.
Meantóirí
- Léigh Creat Meantóireachta Ollscoil na Gaillimhe chun tuiscint iomlán a fháil ar an bpróiseas agus ar na róil agus na freagrachtaí.
- Cláraigh do spéis leis an Seaimpín áitiúil Meantóireachta nó Ceann Scoile/Aonaid*.
- Cuirfear ainmniúcháin ó gach réimse ar aghaidh chuig an Aonad Foghlama & Forbartha faoi dhó sa bhliain (Eanáir agus Iúil).
- Líonfaidh an meantóir Foirm Péireála an Mheantóra chun cuidiú le Meantóir agus Meantaí a mheaitseáil.
- Is féidir leis an meantóir clárú ansin do cheardlanna atá le teacht agus fógrófar iad ar an leathanach gréasáin Foghlama agus Forbartha.
*Más fearr leat do spéis a chlárú go discréideach déan teagmháil le Mark & Rachel ag learninganddevelopment@universityofgalway.ie nó trí MS Teams.
Seaimpíní Áitiúla Meantóireachta
Más spéis leat a bheith i do Sheaimpín Meantóireachta i do réimse, déan teagmháil le Mark & Rachel ag learninganddevelopment@universityofgalway.ie nó trí MS Teams.
Seaimpíní Meantóireachta |
Réimse |
Coláiste/Aonad |
An tOllamh Gary Donohoe |
Síceolaíocht |
Na Dána |
An tOllamh Kevin Leydon |
Soc & Pol |
Na Dána |
An tOllamh Enrico Dal Lago |
Stair & Fealsúnacht |
Na Dána |
Sharon Glynn |
Paiteolaíocht |
Leigheas |
Dr. Georgina Gethin |
Altranas & Cnáimhseachas |
Leigheas |
Dee Sheridan |
Leigheas |
Leigheas |
Mark McGuinness |
Foghlaim agus Forbairt | Acmhainní Daonna |
Rachel Quinlan |
Foghlaim agus Forbairt |
Acmhainní Daonna |
Rosemary Geoghegan |
Péidiatraic |
Leigheas |
Stasha Antonijevic-Elliot |
Teiripe Urlabhra agus Theanga |
Leigheas |
Mary Pat O'Malley-Keighran |
Teiripe Urlabhra agus Theanga |
Leigheas |
An tOllamh Colette Kelly |
Cothú Sláinte |
Leigheas |
Ruth McMenamin |
Teiripe Urlabhra agus Theanga |
Leigheas |
Roghanna Eile Meantóireachta
An bhfuil spéis agat tacú le scoláirí na hOllscoile Tearmainn (UoS) ar a dturas acadúil in Ollscoil na Gaillimhe?
Anuas ar obair Chlár Scoláireachta Comórtha Céad Bliain Cuimsitheachta agus na hOifige Iontrála, osclaíodh Clár Scoláireachta na hOllscoile Tearmainn (UoS) d’iarratais in 2019. Cuireadh an clár ar bun chun rannpháirtíocht in Ollscoil na Gaillimhe a mhéadú d’Iarratasóirí Cosanta Idirnáisiúnta, dídeanaithe, grúpaí inimirceacha leochaileacha, agus Lucht Siúil na hÉireann. Go dtí seo, bhí 60 mac léinn ó 24 tír éagsúil ar an gclár scoláireachta san Ollscoil.
Is bealach iontach é clár meantóireachta acadúil na hOllscoile Tearmainn do lucht acadúil bualadh le mic léinn ó chultúir éagsúla agus tacaíocht a thabhairt dóibh, agus comhairle acadúil a chur ar fáil maidir le hobair chúrsa na meantaithe le linn a gcúrsa staidéir.. Is é/í Oifigeach na hOllscoile Tearmainn a sholáthróidh aon chomhairle a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó mheantaithe maidir le scrúduithe a chur siar, tinneas, etc. Cuirfear oiliúint shaincheaptha ar mheantóirí. Is féidir le meantóirí a bhfuil suim acu a bheith ina meantóirí acadúla an fhoirm ghearr a líonadh anseo.
Sparánacht 1916 & Meantóireacht Tacaíochta na hOllscoile Tearmainn
Chun tacú leis an dream a bhaineann Sparánacht 1916 amach agus le scoláirí na hOllscoile Tearmainn aistriú chuig oideachas tríú leibhéal, tá an Ollscoil ag obair i gcomhar le Clár Meantóireachta Coláiste de chuid Foróige chun comhairle phraiticiúil a chur ar fáil do scoláirí, comhairle a theastaíonn uathu anuas ar an meantóireacht acadúil sa chéad bhliain dá gcúrsa. Is fostaithe de chuid na hOllscoile iad meantóirí tacaíochta, a oibríonn i róil riaracháin, acadúla agus tacaíochta. Roghnaítear meantóirí bunaithe ar a dtoilteanas agus a gcumas tacú le scoláire, ar a n-eolas ar an Ollscoil agus ar a próisis, agus ar a spéis i leas na mac léinn Ollscoile.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin gclár, is féidir ríomhphost a chur chuig Cliodhna Donoghue ag cliodhna.donohue@foroige.ie má tá aon cheist agat. Nó, más mian leat clárú le bheith i do mheantóir tacaíochta Foróige, cliceáil anseo.
Ábhar Meantóireachta
- Horoszowski, M. (2020) How to Build a Great Relationship with a Mentor
- Tu, M., Li, M. (2021) What Great Mentorship looks like in a Hybrid Workplace
- LinkedIn Learning, Meantóireacht in Ollscoil na Gaillimhe, cosán foghlama (Tá LinkedIn Learning saor in aisce d’fhoireann agus do mhic léinn uile na hOllscoile)